Cairde Ghaoth Dobhair

Bunaíodh Cairde Chill Ulta chun cur ar chumas cuideachtaí agus eagraíochtaí de chineálacha éagsúla, chomh maith le daoine aonair, a bheith ina lucht tacaíochta agus ina 'gcairde' de thionscadal pobail Cill Ulta. Cuirfidh an t-ardán nuabhunaithe seo ar chumas páirtithe leasmhara ranníocaíocht a dhéanamh leis an obair thábhachtach atá á déanamh ag Cill Ulta i gcur chun cinn na hinbhuanaitheachta, forbairt pobal, cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir, agus tógáil acmhainní. Beidh Cairde Chill Ulta ina mhodh freisin chun cur ar chumas na ndaoine a ghlacann páirt san ardán rannchuidiú le cur chun cinn Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) agus cur chun cinn aidhmeanna ESG ar mhaithe le leas áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, agus go deimhin domhanda.
Beidh baill Cairde Chill Ulta ag rannchuidiú ar bhealach fíor agus inláimhsithe le dul chun cinn na hinbhuanaitheachta, ag tabhairt aghaidh ar laghdú carbóin agus ag cur dea-chleachtas chun cinn maidir leis an mBithgheilleagar. Admhófar go poiblí baill Cairde Chill Ulta mar lucht tacaíochta an tionscadail agus a chuspóirí inbhuanaitheachta. Tabharfar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh in imeachtaí faisnéise agus imeachtaí ábhartha eile ag Cill Ulta. Gheobhaidh siad nuashonruithe rialta agus coinneofar ar an eolas iad maidir le cur i bhfeidhm straitéis agus clár oibre an tionscadail.
Le haghaidh Sonraí Ballraíochta cliceáil thíos
English Version Of Fundraising Document.pdf