Folúntais - Vacancies

Oifigeach Teagmhála agus Tacaíochta Pobail um Timpeallacht agus Fuinneamh

Spriocdáta d’iarrataisí: - Dé Céadaoine 2 Meán Fómhair ar a 4.00 i.n

Community Outreach Energy and Environmental Support Officer

Closing date for applications: - Monday 29th Sept at 4.00 pm

 

Táimid ag earcú:

Deis ar leith é seo le difir a dhéanamh ag leibhéal áitiúil – ag cothú teacht aniar agus maoirseacht timpeallachta, chomh maith le ceangal níos láidre a chothú idir dhaoine agus an nádúr trí oideachas, comhoibriú agus gníomhaíocht.

Teideal Poist: Oifigeach Teagmhála agus Tacaíochta Pobail um Timpeallacht agus Fuinneamh

Cúlra: Tá sé i gceist ag Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR  Oifigeach teagmhála agus tacaíochta um timpeallacht agus fuinneamh a fhostú le cumhacht agus tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí deonacha agus pobail fríd an chontae. Gné lárnach den phost seo ná cuidiú a thabhairt i dtionscnaimh áitiúla dhul i dtaithí ar a bhfuil i gceist leis an Athrú Aeráide agus an tionchar a bheas aige -  taobh istigh de scóip a dtionscnaimh féin agus don phobal i gcoitinne maidir le h-inbhuanaitheacht de.

Suíomh: Cill Ulta, An Fál Carrach, Co Dún na nGall, F92 WF60

Fad: 18 mí (Deireadh Fómhair 2025 go Márta 2027)

Ceanneagraíocht: Cill Ulta

Tacaíocht ó: Ciste Pobail Ghlúin Ghlas de chuid SSE Airtricity

Ról:        

  • Dul i dteagmháil le roinnt grúpaí deonacha agus pobail i gContae Dhún na nGall
  • Traenáil agus áiseanna saincheaptha a sholáthar
  • Coincheapanna timpeallachta agus aeráide a mhíniú ar dhóigh shimplí sothuigthe
  • Tacaíocht a thabhairt do fhiontair áitiúil agus do thionscadail pobail
  • An tionchar a mheas trí mhéadrach rannpháirteachais agus aiseolas pobail

 Tá follúntas ann anois don phost seo agus má shíleann tú gur tusa an duine atá de dhíth orainn: -

Critéir riachtanacha:

  • Leibhéal 8 in ábhar cuí ar an Chreat Náisiúnta Cailíochtaí ná, a mhacasamhail de thaithí ábharacha
  • Ceadúnas glan tiomána
  • Ábalta scileanna láidre taighde, cur i láthair agus cumarsáide a léiriú

  

Critéir inmhianaithe: 

  • Tuiscint mhaith ar na réigiúin Gaeltachta, Gaeilge réasúnta agus dearcadh báúil maidir le teagmháil cuimsithe agus inrochtana cuí cultúir
  • Taithí i gcuidiú a thabhairt do ghrúpaí, agus iad a éascú, leis na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis an aeráid a aithint

Príomhdhualgaisí: 

  • Tacaíocht a thabhairt trí thraenáil saincheaptha agus uirlisí praiticiúla a sholáthar a chuideoidh le pobail gníomhú go fiúntach ar son na haeráide
  • Feasacht agus tuiscint ar shaincheisteanna timpeallachta agus inbhuanaitheachta a chur chun cinn
  • Tacú le cosaint bithéagsúlachta a shníomh isteach i dtionscadail pobail, agus béim á chur ar a ról bhunúsach i sláinte éiceachórais agus oiriúnú ar son na haeráide.
  • Pobail a threorú i mbainistíocht thionscadail timpeallachta, ag cinntiú go ndéantar dea-phleanáil ar tionscnaimh, go rachaidh siad i bhfeidhm, agus go mbeidh siad ag teacht le spriocanna inbhuanaitheachta.
  • Teacht aniar na haeráide a neartú tríd an chumas áitiúil deileáil le hathruithe timpeallachta a chothú leis an leochaileacht a bhaineann le baoil aeráide a laghdú
  • Feidhmigh mar idirchaidreamh idir údaráis áitiúla agus eagraíochtaí pobail lena cinntiú go bhfuiltear ag teacht le straitéisí náisiúnta aeráide agus bithéagsúlachta.

Spriocdáta d’iarrataisí: Dé Céadaoine 2 Meán Fómhair ar a 4.00 i.n

Tuarastal: ag bráth ar chailíochtaí agus ar thaithí

Tuilleadh Eolais: cillulta@gmail.com

~ ~ ~ ~ ~

We're Hiring:

This is a unique opportunity to make a real difference at the local level - fostering resilience, environmental stewardship, and a deeper connection between people and nature through education, collaboration, and action.

Job Title: Community Outreach Energy and Environmental Support Officer

Cúlra: Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR are seeking to engage a Community Outreach Energy and Environmental Support Officer to empower and support community and voluntary groups across the county. This role is central to helping local initiatives understand the meaning and impact of Climate Change - both within the scope of their specific projects and across the wider community in terms of sustainability.

Location: Cill Ulta, An Fál Carrach, Co Dún na nGall, F92 WF60

Duration: 18 months (Oct 2025 to March 2027)

Lead Organisation: Cill Ulta

Supported by: SSE Airtricity Generation Green Community Fund

Role:                          

  • Engage with a range of community and voluntary groups in County Donegal
  • Deliver tailored sustainability training and resources
  • Translate climate and energy concepts into everyday language
  • Support social enterprises, and grassroots projects
  • Track impact through engagement metrics and community feedback

This position is available right now and if you think you’re the person we are looking for: 

Essential criteria:

  • Have a level 8 on the National Framework of Qualifications in a related subject or relevant experience
  • Clean driving licence
  • Demonstrate strong, research, presentation and communication skills

 

Desirable Criteria: 

  • Possess a strong understanding of the Gaeltacht regions and demonstrate competency in the Irish language, supporting inclusive engagement and culturally relevant outreach
  • Experience in assisting and facilitating community development.

 Principal Duties: 

  • Provide tailored training supports and practical tools to help communities take meaningful climate action.
  • Promote awareness and understanding of environmental and sustainable issues.
  • Support the integration of biodiversity protection into community projects, highlighting its essential role in ecosystem health and climate adaptation.
  • Guide communities in environmental project management, ensuring initiatives are well-planned, impactful, and aligned with sustainability goals.
  • Strengthen community climate resilience by fostering local capacity to adapt to environmental changes and reduce vulnerability to climate-related risks.
  • Act as a liaison between local authorities and grassroots organisations to ensure alignment with national climate and biodiversity strategies.
  • Experience in assisting and facilitating groups

Closing date for applications:  Monday 29th Sept at 4.00 pm

Salary: depending on qualifications and experience.

Further information:  cillulta@gmail.com