Ní neart go cur le chéile - Fan sa bhaile - Fan Sábháilte

Údarás na Gaeltachta

Is é cuspóir foriomlán Údarás na Gaeltachta ná a chinntiú go bhfanfaidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga phobail na Gaeltachta agus go gcuirtear ar aghaidh chuig na glúine atá le teacht í.

Déanann Údarás a dhícheall an cuspóir sin a bhaint amach trí mhaoiniú agus cothú raon leathan tionscnamh um fhorbairt fiontar agus cruthú post agus trí thacú le gníomhaíochtaí straitéiseacha teanga, cultúrtha agus pobalbhunaithe.

Bunaithe i 1980, is é Údarás na Gaeltachta an t-údarás réigiúnach atá freagrach as forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta.